Airteagal 1 – Ábhar agus raon feidhme

1. D’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is cuí, agus d’fhonn leibhéal ard cibearshlándála, cibear-athléimneachta agus muiníne a áirithiú laistigh den Aontas, leagtar síos an méid seo a leanas leis an Rialachán seo:

(a)

cuspóirí, cúraimí agus gnéithe eagraíochtúla a bhaineann le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); agus

(b)

creat chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bhunú ar mhaithe le leibhéal dóthanach cibearshlándála i measc táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC san Aontas a áirithiú, agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála san Aontas.

Tá feidhm ag an gcreat dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír agus ní dochar é d’fhorálacha ar leith i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le deimhniú deonach nó éigeantach.

2. Tá an Rialachán seo gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil náisiúnta agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil.

Scroll to Top