Airteagal 14 – Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1. Comhalta amháin a dhéanfaidh ionadaíocht ar gach Ballstát arna gceapadh ag gach Ballstát agus beirt comhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht ar an gCoimisiún agus arna gceapadh ag an gCoimisiún a bheidh ar an mBord Bainistíochta. Beidh cearta vótála ag na comhaltaí uile.

2. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach sin ionadaíocht air nuair a bheidh an comhalta as láthair.

3. Ceapfar comhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse na cibearshlándála, ag cur san áireamh a scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún iarrachtaí ráta athraithe a gcuid ionadaithe ar an mBord Bainistíochta a theorannú chun leanúnachas in obair an Bhoird Bainistíochta sin a áirithiú. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ionadaíocht chothromaithe a bhaint amach idir fir agus mná ar an mBord Bainistíochta.

4. Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bhainistíochta agus a gcuid malartach. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

Scroll to Top