1. Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Gréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh a bhunú ar a mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit (Oifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh). Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí amháin ar Ghréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh. Féadfar cruinnithe an Ghréasáin na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh a thionól i bhformáidí éagsúla saineolaithe.
2. Déanfaidh Gréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh an malartú faisnéise a éascú idir ENISA agus na Ballstáit go háirithe, agus tacaíocht a thabhairt do ENISA chun a chuid gníomhaíochtaí, torthaí agus moltaí a scaipeadh ar fud an Aontais ar na geallsealbhóirí ábhartha.
3. Gníomhóidh na hOifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh mar lárphointí teagmhála ar an leibhéal náisiúnta chun comhar a éascú idir ENISA agus saineolaithe náisiúnta i gcomhthéacs clár oibre bliantúil ENISA a chur chun feidhme.
4. Cé gur cheart do na hOifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh dlúthchomhar a bheith acu le hionadaithe an Bhoird Bainistíochta sna tíortha dar díobh iad féin faoi seach, ní dhéanfaidh an Gréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh féin dúbailt ar obair an Bhoird Bainistíochta ná ar an obair a dhéanfaidh fóraim eile de chuid an Aontais.
5. Déanfar feidhmeanna agus nósanna imeachta do Ghréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh a shonrú i rialacha inmheánacha oibriúcháin ENISA agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.