Airteagal 28 – Rochtain ar dhoiciméid

1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh ENISA.

2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta socruithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme laistigh faoin 28 Nollaig 2019.

3. Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag ENISA de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpaigh faoi Airteagal 228 CFAE nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 263 CFAE.

Scroll to Top