1. Gan dochar d’acmhainní eile, beidh in ioncam ENISA:
|
(a) |
ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais; |
|
(b) |
ioncam a shannfar d’ítimí sonracha caiteachais i gcomhréir leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 32; |
|
(c) |
cistiú ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad hoc i gcomhréir leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 32 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais; |
|
(d) |
ranníocaíochtaí ó thríú tíortha a rannchuideoidh le hobair ENISA, dá dtagraítear in Airteagal 42; |
|
(e) |
aon ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit in airgead nó i gcomhchineál. |
Ní fhéadfaidh na Ballstáit a sholáthraíonn ranníocaíochtaí saorálacha, faoi phointe (e) den chéad fhomhír, aon cheart sonrach ná seirbhís shonrach a éileamh mar thoradh air sin.
2. Beidh ar áireamh i gcaiteachas ENISA costais a bhaineann le foireann, le tacaíocht riaracháin agus theicniúil, le bonneagar agus le hoibríocht, chomh maith le costais a eascraíonn as conarthaí le tríú páirtithe.