Airteagal 37 – Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1. Féadfaidh ENISA úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus as foireann eile nach bhfuil fostaithe ag ENISA. Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leis an bhfoireann sin.

2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do ENISA.

Scroll to Top