1. Beidh dliteanas conarthach ENISA faoi rialú an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.
2. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag ENISA.
3. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, cúiteoidh ENISA, aon damáiste a dhéanfaidh sise nó a fhoireann i gcomhlíonadh a ndualgas, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát.
4. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh a fháil de bharr damáiste dá dtagraítear i mír 3.
5. Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith ENISA faoi rialú ag na coinníollacha ábhartha is infheidhme maidir le foireann ENISA.