1. Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do ENISA sa Bhallstát aíochta agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát aíochta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, foireann ENISA agus a dteaghlach, leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún idir ENISA agus an Ballstát aíochta a thabharfar chun críche tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.
2. Soláthróidh Ballstát óstach ENISA na coinníollacha is fearr is féidir chun feidhmiú cuí ENISA a áirithiú, agus inrochtaineacht an tsuímh, saoráidí leordhóthanacha oideachais a bheith ann do leanaí na gcomhaltaí foirne á gcur san áireamh, inrochtaineacht iomchuí ar an margadh saothair, slándáil shóisialta agus cúram míochaine do leanaí agus do chéilí na gcomhaltaí foirne araon.