Airteagal 46 – An creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála

1. Bunófar an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála chun na dálaí d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí leibhéal na cibearshlándála a mhéadú laistigh den Aontas ionas gur féidir cur chuige comhchuibhithe a bheith ann ar leibhéal an Aontais i dtaca le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, d’fhonn margadh aonair digiteach a chruthú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC.

2. Leis an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, soláthrófar sásra chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bhunú agus chun a fhianú go gcomhlíonfaidh na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a ndearnadh meastóireacht orthu i gcomhréir le scéimeanna den chineál sin, ceanglais shonracha slándála agus é mar aidhm infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí pearsanta atá stóráilte nó tarchurtha nó próiseáilte nó feidhmeanna nó na seirbhísí a chuirfidh na táirgí, seirbhísí agus próisis sin ar fáil ar feadh a saolré a chosaint.

Scroll to Top