Airteagal 5 – Beartas agus dlí an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme

Rannchuideoidh ENISA le beartas agus dlí an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, tríd an méid seo a leanas

(1)

cúnamh agus comhairle a chur ar fáil, chomh maith le hobair ullmhúcháin a dhéanamh, ar fhorbairt agus athbhreithniú bheartas agus dlí an Aontais i réimse na cibearshlándála, agus ar thionscnaimh beartais agus dlí earnáilsonracha i gcás ina bhfuil ábhair a bhaineann le cibearshlándáil i gceist, go háirithe trína tuairim neamhspleách a thabhairt agus anailís a dhéanamh;

(2)

cuidiú leis na Ballstáit beartas agus dlí an Aontais maidir le cibearshlándáil a chur chun feidhme go comhsheasmhach, go háirithe i ndáil le Treoir (AE) 2016/1148, lena n-áirítear trí bhíthin tuairimí a eisiúint, treoirlínte, comhairle a sholáthar agus dea-chleachtais faoi thopaicí amhail bainistiú riosca, tuairisciú teagmhas agus comhroinnt faisnéise, chomh maith le malartú dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla a éascú i ndáil leis an méid sin.

(3)

cabhrú le Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais beartais cibearshlándála a fhorbairt agus a chur chun cinn, a bhaineann le hinfhaighteacht nó sláine ghinearálta chroí poiblí an idirlín oscailte;

(4)

rannchuidiú le hobair an Ghrúpa Comhair de bhun Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/1148, trí shaineolas agus cúnamh a chur ar fáil;

(5)

tacú:

(a)

le forbairt agus cur chun feidhme bheartas an Aontais i réimse an aitheantais leictreonaigh agus seirbhísí iontaoibhe, go háirithe trí chomhairle a thabhairt agus treoirlínte theicniúla a eisiúint, agus trí mhalartú dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla a éascú;

(b)

le leibhéal slándála feabhsaithe maidir le cumarsáidí leictreonacha a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chomhairle agus saineolas a chur ar fáil agus trí mhalartú dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla a éascú;

(c)

leis na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme gnéithe sonracha cibearshlándála de bheartas agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht, lena n-áirítear trí chomhairle a chur ar fáil don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí arna iarraidh sin.

(6)

tacú le hathbhreithniú rialta ar ghníomhaíochtaí beartais an Aontais trí thuarascáil bhliantúil a sholáthar ar staid cur chun feidhme an chreata dlí ábhartha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

faiséis maidir le fógraí teagmhais ó na Ballstáit arna gcur ar fáil ag na príomhphointí teagmhála don Ghrúpa Comhair de bhun Airteagal 10(3) de Threoir (AE) 2016/1148;

(b)

achoimrí fógraí faoi sháruithe ar shlándáil nó teip ó thaobh sláine maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, arna gcur ar fáil ag na comhlachtaí maoirseachta do ENISA, de bhun Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

(c)

fógraí faoi theagmhais slándála arna dtarchur ag soláthraithe a chuireann gréasáin cumarsáide leictreonaí phoiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil go poiblí, agus iad á soláthar ag na húdaráis inniúla don Ghníomhaireacht, de bhun Airteagal 40 de Threoir (AE) 2018/1972.


(23) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhele haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

Scroll to Top