Airteagal 50 – Suíomh gréasáin faoi scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

1. Coimeádfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe ar a gcuirfear faisnéis ar fáil agus ar a ndéanfar poiblíocht faoi scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála, deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus ráitis chomhréireachta ón Aontas, lena n-áirítear faiséis i ndáil le scéimeanna agus deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus ráitis chomhréireachta ón Aontas a aistarraingíodh agus a chuaigh in éag agus an stór nasc chuig faisnéis i dtaca leis an gcibearshlándáil a chuirfidh monaróirí agus soláthraithe ar fáil ar líne i gcomhréir le hAirteagal 55.

2. I gcás inarb infheidhme, sonrófar ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1 freisin na scéimeanna deimhniúcháin cibearshlandála náisiúnta ar ghabh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a n-ionad.

Scroll to Top