1. Féadfaidh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ceann amháin nó níos mó de na leibhéil seo a leanas a shonrú do tháirgí, do sheirbhísí agus do phróisis TFCar leibhéil maidir le dearbhú iad: “bunúsach”, “substaintiúil” nó “ard”,. Beidh leibhéal an dearbhaithe i gcomhréir leis an leibhéal riosca, a bhaineann leis an úsáid a bheartaítear do tháirge TFC, do sheirbhís TFC, nó do phróisis TFC, i dtéarmaí a dhóchúla atá sé go dtarlóidh teagmhas agus i dtéarmaí thionchar an teagmhais.
2. Tagróidh deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus ráiteas comhréireachta ón Aontas d’aon leibhéil dearbhaithe arna sonrú sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, faoina mbeidh an deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil nó an ráiteas comhréireachta ón Aontas eisithe.
3. Sonrófar i ngach leibhéil dearbhúcháin na ceanglais slándála a chomhfhreagraíonn don leibhéal dearbhúcháin sin, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála agus méid comhfhreagrach na hiarrachta chun meastóireacht a dhéanamh ar tháirge TFC, ar sheirbhís TFC nó ar phróisis TFC.
4. Tagróidh an deimhniú agus ráiteas comhréireachta ón Aontas do shonraíochtaí, caighdeáin agus nósanna imeachta teicniúla áirithe léi, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go dtarlóidh teagmhais chibearshlándála a laghdú nó a chosc.
5. Le deimhniú cibearshlándála Eorpach nó ráiteas comhréireachta ón Aontas lena dtagraítear do leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”, tabharfar dearbhú go gcomhlíonann na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a bhfuil an deimhniú sin nó an ráiteas comhréireachta ón Aontas sin eisithe ina leith, na ceanglais slándála chomhfhreagracha, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu go leibhéal iomchuí lena bhféachtar leis na rioscaí bunúsacha atá aitheanta i leith cibeartheagmhas agus cibearionsaithe a íoslaghdú. Áireofar sna gníomhaíochtaí meastóireachta, ar a laghad athbhreithniú ar dhoiciméadacht theicniúil. Nuair nach bhfuil meastóireacht den sórt sin iomchuí, úsáidfear gníomhaíochtaí ionadaíocha iontu lena ngabhfaidh éifeacht choibhéiseach.
6. Le deimhniú cibearshlándála Eorpach lena dtagraítear do leibhéal dearbhúcháin “substaintiúil”, tabharfar dearbhú go gcomhlíonann na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a bhfuil an deimhniú sin eisithe ina leith, na ceanglais slándála chomhfhreagracha, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu go leibhéal iomchuí lena bhféachtar le híoslaghdú a dhéanamh ar chibear-rioscaí aitheanta, ar chibeartheagmhais agus ar chibearionsaithe a dhéanann gníomhaithe a bhfuil scileanna agus acmhainní teoranta acu. Áireofar sna gníomhaíochtaí meastóireachta na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad: athbhreithniú a dhéanamh ar neamh-infheidhmeacht na leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí agus a thástáil go ndéantar, leis na táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC, an fheidhmiúlachtaí slándála is gá a chur chun feidhme mar is ceart. Nuair nach bhfuil gníomhaíochtaí meastóireachta den sórt sin iomchuí, féadfar gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhfaidh éifeacht choibhéiseach a úsáid.
7. Le deimhniú cibearshlándála Eorpach lena dtagraítear do leibhéal dearbhaithe “ard” (i.e. “ardleibhéal”), tabharfar dearbhú go gcomhlíonann na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a bhfuil an deimhniú sin eisithe ina leith na ceanglais slándála chomhfhreagracha, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu go leibhéal iomchuí lena bhféachtar le híoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfadh gníomhaithe a bhfuil scileanna agus acmhainní suntasacha acu cibearionsaithe úrscothacha. Áireofar sna gníomhaíochtaí meastóireachta ar a laghad: neamh-infheidhmeacht leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí a athbhreithniú, a thástáil go ndéantar, leis na táirgí TFC, seirbhísí TFC, nó próisis TFC na feidhmiúlachtaí slándála is gá a chur chun feidhme mar is ceart, ar an mbonn úrscothach, agus measúnú a dhéanamh ar a bhfrithsheasmhacht in aghaidh ionsaitheoirí oilte trí thástáil treáite. Nuair nach bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin iomchuí, féadfar orthu gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhfaidh éifeacht choibhéiseach a úsáid.
8. D’fhéadfaí, le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, leibhéil éagsúla mheastóireachta a shonrú, ag brath ar dhéine agus ar dhoimhneacht na modheolaíochta meastóireachta a úsáidtear. Le gach ceann de na leibhéil mheastóireachta, comhfhreagrófar do cheann amháin de na leibhéil dearbhúcháin agus saineofar é le teaglaim iomchuí de chomhpháirteanna dearbhúcháin.