Airteagal 53 – Féinmheasúnú comhréireachta

1. D’fhéadfaí a cheadú, le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, féinmheasúnú comhréireachta a chur i gcrích faoi fhreagracht mhonaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC agus faoina bhfreagracht siúd amháin. Beidh an féinmheasúnú comhréireachta sin infheidhme maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a mbaineann riosca íseal leo nó maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus a chomhfhreagraíonn don leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”, agus maidir leis na seirbhísí agus na táirgí sin amháin.

2. Féadfaidh monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC ráiteas comhréireachta ón Aontas a eisiúint ina ndeirtear gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sa scéim. Trí ráiteas den sórt sin a eisiúint, glacann monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na próisis TFC freagracht as comhlíonadh an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC leis na ceanglais a leagtar amach sa scéim sin.

3. Déanfaidh monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC go ceann tréimhse a shaineofar sa scéim Eorpach chomhfhreagrach um dheimhniú cibearshlándála, an ráiteas comhréireachta ón Aontas, an doiciméadacht theicniúil agus faoin bhfaisnéis ábhartha uile eile a bhaineann le comhréireacht na dtáirgí TFC nó na seirbhísí TFC le scéim a choinneáil ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58(1). Cuirfear cóip den ráiteas comhréireachta ón Aontas faoi bhráid an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus faoi bhráid ENISA.

4. Ráiteas comhréireachta ón Aontas a eiseofar de bhun an Airteagail seo, is ar bhonn deonach a eiseofar é mura sonraítear a mhalairt i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát.

5. Na ráitis chomhréireachta ón Aontas, tabharfar aitheantas dó i ngach Ballstát.

Scroll to Top