1. Chun go mbeidh caighdeáin choibhéiseacha ann ar fud an Aontais i ndáil le deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisítear agus i ndáil le ráitis chomhréireachta ón Aontas, beidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoi réir athbhreithniú piaraí.
2. Oibreofar an t-athbhreithniú piaraí ar bhonn critéar agus nósanna imeachta meastóireachta iontaofa agus trédhearcacha, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le ceanglais struchtúracha, acmhainní daonna agus próisis, rúndacht agus gearáin.
3. Déanfar measúnú san athbhreithniú piaraí, ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
i gcás inarb infheidhme, cé acu a chloítear nó nach gcloítear le deighilt dhocht, ó thaobh ról agus freagrachtaí, idir gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a bhaineann le deimhnithe a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 56(5) agus d’Airteagal 56(6), agus na gníomhaíochtaí maoirseachta de réir Airteagal 58 agus an bhfeidhmíonn an dá chineál gníomhaíochtaí go neamhspleách ar a chéile; |
|
(b) |
na nósanna imeachta maidir le maoirsiú agus forfheidhmiú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar, le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC, deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil de bhun phointe (a) d’Airteagal 58(7), |
|
(c) |
na nósanna imeachta maidir le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar oibleagáidí monaróirí agus soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC de bhun pointe (b) d’Airteagal 58(7); |
|
(d) |
na nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhaireachán, a údarú agus a mhaoirsiú; |
|
(e) |
i gcás inarb infheidhme, an bhfuil an saineolas iomchuí ag foireann na gcomhlachtaí nó na n-údarás a eisíonn deimhnithe d’ardleibhéil dearbhúcháin de bhun Airteagal 56(6). |
4. Is dhá údarás maoirseachta náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ó Bhallstáit eile agus ón gCoimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú piaraí, agus déanfar é uair amháin ar a laghad gach 5 bliana. Féadfaidh ENISA a bheith rannpháirteach san athbhreithniú piaraí.
5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66(2), lena mbunaítear plean don athbhreithniú piaraí a chur ar bun lena gcumhdófar tréimhse 5 bliana ar a laghad, lena leagtar síos na critéir i ndáil le comhdhéanamh na foirne athbhreithnithe piaraí, an mhodheolaíocht a úsáidfear san athbhreithniú piaraí, agus an sceideal, an tréimhsiúlacht agus cúraimí eile a bhaineann leis an athbhreithniú piaraí. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar bhreithnithe an ECCG. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 66(2).
6. Scrúdóidh an ECCG torthaí na hathbhreithnithe piaraí, agus cuirfidh an Grúpa sin achoimrí i dtoll a chéile a fhéadfar a chur ar fáil don phobal agus eiseoidh sé, nuair is gá, treoirlínte nó moltaí maidir le gníomhaíochtaí nó bearta a bheidh le déanamh ag na heintitis lena mbaineann.