1. Tabharfaidh ENISA cúnamh dóibh seo a leanas:
|
(a) |
na Ballstáit agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar chosc, brath, anailís agus cumas freagartha i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála, tríd an eolas agus an saineolas a sholáthar dóibh; |
|
(b) |
na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i mbunú agus i gcur chun feidhme, ar bhonn deonach, beartais nochta leochaileachta; |
|
(c) |
institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ina n-iarrachtaí feabhas a chur ar chosc, brath, agus anailís i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála agus chun feabhas a chur ar a gcumais freagartha i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála, go háirithe trí thacaíocht chuí i ndáil le CERT-EU; |
|
(d) |
na Ballstáit agus iad i mbun CSIRTanna a fhorbairt, arna iarraidh sin dóibh de bhun Airteagal 9(5) de Threoir (AE) 2016/1148; |
|
(e) |
na Ballstáit, agus iad i mbun straitéisí náisiúnta a fhorbairt maidir le slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise, arna iarraidh sin dóibh de bhun Airteagal 7(2) de Threoir (AE) 2016/1148, agus cuirfidh ENISA le scaipeadh na straitéisí sin ar fud an Aontais freisin agus tugann sí dá haire an dul chun cinn i dtaca lena gcur chun feidhme ar fud an Aontais ar mhaithe leis na cleachtais is fearr a chur chun cinn; |
|
(f) |
institiúidí an Aontais agus iad i mbun straitéisí cibearshlándála an Aontais a fhorbairt agus a athbhreithniú, scaipeadh na straitéisí sin a chur chun cinn agus an dul chun cinn i dtaca lena gcur chun feidhme a rianadh; |
|
(g) |
CSIRTanna na mBallstát agus an Aontais chun leibhéal a gcumais a mhéadú, lena n-áirítear trí idirphlé agus malartú faisnéise a chur chun cinn, d’fhonn a áirithiú, i dtaca leis an úrscothacht, go gcomhlíonann gach CSIRT tacar coiteann de chumais íosta agus go n-oibríonn sé de réir na ndea-chleachtas; |
|
(h) |
na Ballstáit trí na cleachtaí cibearshlándála a eagrú ar bhonn rialta ar leibhéal an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7(5), agus 2 uair sa bhliain ar a laghad agus trí mholtaí beartais a dhéanamh agus iad bunaithe ar phróiseas meastóireachta na gcleachtaí agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh uathu; |
|
(i) |
comhlachtaí poiblí ábhartha trí oiliúint a chur ar fáil maidir leis an gcibearshlándáil, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le geallsealbhóirí; |
|
(j) |
an nGrúpa Comhair, trí dhea-chleachtais a mhalartú, go háirithe maidir le hoibreoirí seirbhísí riachtanacha a shainaithint ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 11(3)(1) de Threoir (AE) 2016/1148, lena n-áirítear dea-chleachtais maidir le spleáchais trasteorann, i ndáil le rioscaí agus teagmhais. |
2. Tacóidh ENISA le comhroinnt faisnéise i measc earnálacha éagsúla agus laistigh díobh, go háirithe sna hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1148, trí bhíthin dea-chleachtais agus treoir a thabhairt maidir leis na huirlisí agus na nósanna imeachta atá ar fáil, agus maidir le dul i ngleic le saincheisteanna rialála a bhaineann le comhroinnt faisnéise.