Airteagal 60 – Comhlachtaí measúnaithe comhréireachta

1. Ní dhéanfaidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a ainmnítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chreidiúnú ach amháin má chomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2. I gcás ina n-eiseoidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála deimhniú Eorpach cibearshlándála de bhun phointe (a) d’Airteagal 56(5) agus Airteagal 56(6), déanfar comhlacht creidiúnaithe an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a chreidiúnú mar chomhlacht um measúnú comhréireachta de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

3. Má leagtar ceanglais shonracha nó ceanglais bhreise amach i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun phointe (f) d’Airteagal 54(1), ní dhéanfaidh ach comhlachtaí um measúnú comhréireachta, a n-údaraíonn NCCA ina leith go gcomhlíonann siad na ceanglais sin, cúraimí a chur i gcrích faoi na scéimeanna sin.

4. Eiseofar an creidiúnú dá dtagraítear i mír 1 do na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta le haghaidh uastréimhse 5 bliana agus féadfar é a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta fós na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Déanfaidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta gach beart is iomchuí taobh istigh d’achar ama réasúnta chun creidiúnú comhlachta um measúnú comhréireachta a shrianadh, a fhionraí nó a aisghairm a eisítear de bhun mhír 1 i gcás nach mbeidh na coinníollacha le haghaidh deimhniú comhlíonta, nó nach mbeidh siad á gcomhlíonadh a thuilleadh nó i gcás ina sáróidh bearta a dhéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta an Rialachán seo.

Scroll to Top