1. Maidir le gach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, cuirfidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála fógra chuig an gCoimisiún maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna gcreidiúnú agus i gcás inarb infheidhme, arna n-údarú de bhun Airteagal 60(3) chun deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisiúint ar leibhéal áirithe dearbhúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála i an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin agus, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le haon athruithe iardain a dhéanfar uirthi.
2. Bliain amháin tar éis teacht i bhfeidhm do scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, foilseoidh an Coimisiún san Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh liosta comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra ina leith.
3. Má fhaigheann an Coimisiún fógra tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 2, foilseoidh sé na leasuithe ar an liosta comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 2 laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear an fógra sin.
4. Féadfaidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun comhlacht um measúnú comhréireachta ar thug an t-údarás lena mbaineann fógra ina leith a bhaint den liosta comhlachtaí dá dtagraítear i mír 2. Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi cheann 1 mhí amháin ón dáta a bhfaighidh sé an iarraidh sin ón údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála.
5. Féadfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, chun cúinsí, formáidí agus nósanna imeachta na bhfógraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhunú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 66(2).