Airteagal 63 – Ceart chun gearán a dhéanamh

1. Beidh an ceart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán a dhéanamh le heisitheoir deimhnithe Eorpach i ndáil le cibearshlándáil nó, nuair a bhaineann an gearán le deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil arna eisiúint ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 56(6), an gearán a dhéanamh leis an údarás ábhartha náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála.

2. An t-údarás nó an comhlacht a ndearnadh an gearán leis, cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoi gcaoi a mbeidh na himeachtaí ag dul ar aghaidh agus faoin gcinneadh a rinneadh, agus cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoin gceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach, dá dtagraítear in Airteagal 64, a fháil.

Scroll to Top