Airteagal 67 – Meastóireacht agus athbhreithniú

1. Faoin 28 Meitheamh 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht ENISA agus a cleachtas oibre agus ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú ENISA a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht aon aiseolas a thugtar do ENISA mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, i bhfiainise na gcuspóirí, an sainordú agus na cúraimí atá sannta di, nach bhfuil údar a thuilleadh ag feidhmiú leanúnach ENISA, féadfaidh sé a mholadh an Rialachán seo a leasú i dtaca leis na forálacha a bhaineann le ENISA.

2. Leis an meastóireacht sin déanfar measúnú freisin ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhorálacha Theideal III den Rialachán seo i dtaca leis na cuspóirí leibhéal leordhóthanach cibearshlándála a áirithiú do tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC san Aontas agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

3. Leis an meastóireacht déanfar measúnú ar cibé an bhfuil gá le ceanglais riachtanacha chibearshlándála i dtaca le rochtain a fháil ar an margadh inmheánach chun cosc a chur ar tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC nach gcomhlíonann ceanglais chibearshlándála bhunúsacha teacht isteach ar mhargadh an Aontais.

4. Faoin 28 Meitheamh 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh an tuarascáil meastóireachta i dteannta a conclúidí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Déanfar torthaí na tuarascála sin a phoibliú.

Scroll to Top